Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmucadha
- XML Leathanach 042
- XML “An Iníon Bheag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An inghean bheagBhí máighistir ann fadó agus ní raibh sé ag múnadh acht seacht ndradhuighthe filídheachta den chruadh Gaedilge. Tháinig mac Rí Neifinn as Cúige Mumhan dhá mhúnadh aige. Nuair a bhí sé múinte aige dfiafruigh sé dhí ar mhúin sé mac Rí ná prionnsa ariamh comh maith is bhí sé fhéin múinte aige.
"Mar ar mhúin" ar seisean "bronnaim Dún lógh go ceann lá is seacht mbliadhna ort éilighim cíos an uair sin ort nó ná éilighim."
Bhí an lá is seacht mbliadhna istigh go dtí trí lá. Chuir mac Rí Néifinn triúr filí ag éileamh cíosa ar an Máighistir. Nuair a tháinig siad caitheadh comh maith sin leó is nar leig an náire dhóibh an cíos iarraidh. Bhíodar leath-bealaigh abhaile nuair a dubhairt duine aca go mba mhór an naíre a beith ag dul abaile agus gan aon chíos aca.
Dubhairt an té b'aoirde i bpáighe leis an té ba isle i bpáighe a dhul dhá iarraidh, acht dubhairt sé nach ngabfhadh. Chasadar ar ais aríst agus diarradar an cíos ar an máighistir.
"Dheamhan pinghinn cíosa a d'íoc mé ariamh leis agus ní íocfad na choidhche" adeir an máighistir. Tháinig an triúir filí abhaile leis an sgeala seo.
"Ó muise" adeir an Rígh "is aige a chaithfheas mé an Nodhlaig agus bochtóchaidh mé anuas go mór é."
Chruinnigh sé mór-uaisle an Chúige go raibh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Colm Cartuir
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seóirse Cartuir
- Inscne
- Fireann