Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)
- Suíomh:
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Ó Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Mac Dabharnáin, Mac Rí na Beinne Brice.Bhí rí i nÉirinn fadó. Aon mhac amháin a bhí de chúram air. Nuair a bhí an mac seo i n a bhuachaill óg cuireadh 'un na sgoile go dtí Mainineán é. Nuair a bhí seacht mbliana istigh aige leis seo fagadh seacht mbliana eile aige é. Nuair bhí na ceithre bliana déag thuas fagadh aige seacht mbliana eile é. B shin bliain is fiche. "Anois" arsa mac an Rí "bhfuil sé sa domhan indiu aon fhear níos fóghlumta le cleasa luatha agus gaisge ná mise. "Well anois" ars a mháighistir níl le do shárú acht aon fhear amháin. "Cé é feín" adeir mac an Rí. "Níl fhios a'm" adeir sé "cé'r b'as é nó cá 'il sé na chomhnuidhe, acht Mac Dabharnáin, mac Rí na Beinne Brice is ainm dó.
"Cuirim-se faoi gheasa bliana mé feín" ars mac an Rí "gan an dara hoidhche a chodladh ar aon leaba ná an dara béile a ithe ar aon bhord go brách má's faoi thalamh nó as cionn talmhan a bhéas sé go bhfághfaidh mise 'mach é".
Deirigh sé ar maidin lár na bháireach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nioclás Ó Confhaola
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Laoi
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe