Scoil: Leitirmucadha (uimhir rolla 13951)

Suíomh:
Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nioclás Ó Confhaola
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 002

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 002

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitirmucadha
  2. XML Leathanach 002
  3. XML “Dabhach Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. De réir an t-seanchuis tá dabhach óir i bfolach thíos i ‘gCnoc Dabhach’. Tá an cnoc sin suidhte ó thuaidh de na Doiriadh, Casla, Co. na Gaillimhe. Níl fhios ag aoinne á chuir an dabhach óir i bhfolach nó
    Maidin bhreágh Fóghmhair bhí bean as na Doireadh ag seóladhh a cuid beithidheach amach ar an sluabh. Bhí buarthach (ceangal) bó i na láimh aici. Nuair a bhí na beithidhigh seólta amach aici shiudh sí síos ar bhárr an chnuic go leigfeadh sí a sgíth.
    Pé suíl fhéachaint a thug sí síos san ngleann ar thaobh an chnuic chonnaic sí an dabhach óir thíos ann. Deirigh a croidhe le áthas a’s le ríméad, chaith sí buartach na bó ar chloich agus rith sí ag iarraidh congnamh leis an dabhach a tabhairt abhaile.
    Nuair a tháinig sí fhéin agus an congnamh ar ais bhí buarthach ar gach cloich ar gach chloch dhá raibh ar an gcnoc acht amháin ar an dabhach a bhí i na chloch ghlas fresisin.
    Deirtear dhá gcaithfeadh sí an bhuarthach ar an dabhach go gcaithfeadh sí in ór agus go mbeadh a saidhbhrias go deó aici fhéin agus ag a muinntir na diaidh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Colm Cartuir
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Ráinne
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Leitir Mucú, Co. na Gaillimhe