Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Ainbhthin
- XML Leathanach 438
- XML “Fathaigh agus Cailleacha”
- XML “Fathaigh agus Cailleacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)siad "tá sé seo te bruithte." "Ó" a deir sise "tosuigh air agus beidh sé ag fuarú (?) leis." Bhí siad ag dul timcheall air go raibh sé ithte aca. Anois, arsan "Cailleach gabhaidh amach agus déanaidh an cleas céadhna leis an gcoill agus rinneadar amhlaidh, agus ba ghearr a bhí siad leis. La eile bhí fear aicí ag baint fhéir agus ní raibh aige acht speal dona 'gus bhí air faobar a chur air go minic agus séard a deireadh sé í gcomhnuidhe tar éis an faobhar a chur air. "Sé faobhar, faobhar a bhaineas féar." Chuala an chaillech é sin, agus séard a dubhairt sí "Ní faobhar faobhar a bhaineas féar acht fear maith láidir agus speal maith géar.
- Bhíodh bean ag dul timcheall na tíre fadó, agus sé an t-ainm a tugtaí uirthí an "Cailleach Bhéara." Sé an chaoi a dtiocfadh sí timcheall ag marcuigheacht ar chapall. Bhí capall mór, breagh láídir aicí. Bhí faitchíos ar chuid de na daoine(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe