Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)

Suíomh:
Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 403

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 403

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Ainbhthin
  2. XML Leathanach 403
  3. XML “Éadaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl ach aon táilliúir amháin sa bparáiste seo. Sé an t-ainm atá air Tomás Ó Fathaigh agus tá sé in a chomhnuidhe i nGort-a-Chárnáin. Bhí táilliúir eile i gCnoc A Bhrocháin ach cáilleadh é cúpla bliadhain ó shoin. Déanann an táilliúir go leor éadach do na daoine atá sa bparáiste. Bríste cneasna, drár, agus báinín is mo a chaitheanns na daoine timcheall annseo. Caitheann na sean-mhná fó ghúna dhearg, seál, agus bíonn sáilín beag aca ar a gcloigeann agus tugann siad naipcín air. Caitheann siad caimhlín taobh istigh a bhíonns déanta go flainín. Ins an Samhraidh ní chaitheann chuid de na fir ach drár agus báinin. Uaireannta san ngeimhreadh caitheann na mná sgirte cneasna. Nuair a béaranns na daoine na caora nígheann siad an olna agus cuireann siad isteach go Gaillimh í ag an muileann. Má's snáth a bhíonns ag taisteál déanann siad sin dhó. Ní chonuigheann an táilliúir aon éadach san teach ac aon uair a deirfheadh na daoine leis cuireannse fios air. Ní chonuigheann an tailliúir
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Bhreathnach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    64
    Seoladh
    Gort na gCruach, Co. na Gaillimhe