Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
An Pollach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 256

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 256

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Chuimín
  2. XML Leathanach 256
  3. XML “An Gabhar, an Chaora, an Múile agus an Poitín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Lá ar na bhárach thainic comhursana an bhaile agus rinneadar súas sort tíge doibh as cloca agus cuireadar ceann tuighe air. Bhí an caban ag Seumas annsin le h-aghaidh múile a bhí aige.
    Lá in a dhiaidh sin chuaidh Seumas síar airíst go Lios Uachtair le h-aghaidh an spre d'fhail - gabhar agus caora. Thosuigh sé ag deunamh ceatha agus é ag teacht abhaile agus cheangal sé an gabhar agus an caora in a gcuingir agus chaith sé ar a dhruim iad agus as go bráth leis abhaile agus bhí sé ag dul isteach an doras sa mbaile nuair a bhuail an cheud deor baistíghe den cioth air.
    Lá ar na bharach mharbhuigh sé an chaora óir nach raibh pioc le n-ithe aca. Chait sé lomra na gcaorach ar mhaide a bhí ag dul treana an tighe. Nuair a bhí an chaora itthe beigean dó an gabhar do mharbhú. D'fhag sé an craiceann thuas ar lomra na gcaorach.
    Lá ar na bhaireach thosuigh sé ar cupla galun poitín a dheunamh. I ngan fios do d'ól an múile go leor don leann an iomarca de agus thuit sé ar meisge. Shaoil Seamas go raibh sé marbh agus d'fheann sé é agus dhiol sé an craiceann le tinncéar a bhí ag dul thart. San tráthnona
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1911A: Horse's New Backbone
    Teanga
    Gaeilge