Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)3.
Chuir mé litir sgríobhthe ag mo ghrádh geal is casaoid chruadh
Chuir sí chugam aríst é, is a croidhe istigh chomh dubh le gual
Léigh mé í goj cúramach is na deora ag tuitim le mo ghruadh
Is ní bheidh mé beo thar míosa mara bpósa mé ainnir na gcuach.
4.
Nach cuma liomsa, a stóirín céard a bheas siad a luadh nó rádh,
Tiubhra mé cuairt is céad ar an taobh a mbíonn mo ghradh
'Sí cuaichín barr na gcraobh í, a phéacóigín an bhrollaigh bháin
'Sí rún is searc mo chléibh í, ní cheilfeadh é ar fheara fáil.
5.
Cheannuigh mé buidéal réice dom féin is do mo mhíle stór
Le beannacht a d'fháil léi, sí cúl craobhach na bhfáinní óir
Braon níor bhlais a béal de, is mhéaduigh ar mo bhrón go mór
's a chruithneachtain bhan Éireann 'do dheidh ní bheidh mé beo.(leanann ar an chéad leathanach eile)