Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)
- Suíomh:
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cáit Ní Choisdealbha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Ní hé lá na gaoithe lá na sgoilb.
2. Is féarr éan in do láimh nó dá ceann ar an tor.
3. Is goire cabhar Dé ná an doras.
4. Casann daoine lé céile acht ní casann na sléibhte ná na cnuic.
5. Is féarr teach beag líonta na teach mór folamh.
6. An rud a sgríobhann an púca leigeann sé féin é.
7. Is féarr an t-adh ná eirghe go moch.
8. Níl aon teintéan mar don theintéan féin.
9. Á fada an lá tagann an oidhche acht ní tagann an óige faoi dó coidhche.
10. Ní bhfuigeann dorn dúnta acht lámh iataighe.
11. Is mada teann a dhéanas tafaint ag a dhoras féin.
12. Ceannuigh sean rud is beidh gan aon rud.
13. Ní féidir sean-cloigeann a bheith ag gualainn óg.
14. Is é do phóca do cara.
15. Is fearr stuaim ná neart.
16. Is fearr carad sa cúirt na bun sa sparán.
17. Ní bhíonn múinte go mbíonn meallta agus ní bhíonn feannta go mbíonn caillte.
18. Is maith an sclábhaidhe an t-anro agus is maith an tanlan an t-ocras.
19. Is mairg bíonn folamh ar mám ar bith na rinneas ar morán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Liam Mac an Bháird
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe