Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)
- Suíomh:
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cáit Ní Choisdealbha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)
- XML Leathanach 019
- XML “Tobar Naofa”
- XML “Páirceanna”
- XML “Seanphaidir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá dhá tobair naomhtha thar timcheall na háite seo. Tá ceann i lisín na heilte ar a dtugtar tobar na láithríní agus ceann eile i Saonach. Bhí fear ann uair amháin agus bhí sé ag baint crainn a bhí ag fás in aice an tobar i lisín agus thuit sé isteach ins an tobar. Lá amháin chuaidh bean deirce go dtí an tobar i Saonach agus nigh sí a cosa ann agus an lá in a díadh sin bhí an tobar imthighthe go dtí páirc eile a bhí in aice leis.
- Tá páirce ag m'athair ar a tugtar an Gort beag. Seo é an fáth a glaoidhtear an t-ainm sin air. Tá sé síos le fána agus bíonn uisge ann go minic agus tá an talamh an bog mar gheal ar sin. Tá páirce eile ag bean Uí Coileáin agus ghlaoidhtear Gort buidhe air. Seo é an fáth a ghlaoidhtear an t-ainm sin air mar ní bhíodh aon rud ag fás an ach bláthanna buidhe agus sin é an fáth a thugadar an t-ainm sin air anois.
- Bailitheoir
- Bríghid Nic Bháird
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean Nic Bháird
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56
- Seoladh
- An Paiste, Co. na Gaillimhe
- Coigligheann mé an teine seo in ainm De agus Mhuire.