Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Tiubhraidh mise adeir an firín éadach buird dhuit agus is fearr dhuit é ná bhfuil go phlúr ar an domhan.
Thug sé éadach buird annsin dho'n ghasúr agus dubhairt sé leis nuair a gabhfhadh sé abhaile é a leagan ar an mbord ag go mbeadh chuile shórt dá fheabhas idir biadh agus deoch aige féin agus ag a mháthair.
Ar a bhealach abhaile chuaidh sé isteach i dteach agus ní raibh ann acht sean bhean.
Leag sé an t-éadach chláir ar bhord na sean-mhná agus tháinic amach cailiní áluinn agus leag anuas chuile shórt dá fheabhas ar an mbord. Nuair a bhí a seacht ndóthain ithte ag an tsean-bhean agus ag an ngasúr d'éirigheadar ó'n mbord tháinig amach na cailiní chéadna arís.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairéad Ní Níadh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Coill Sáile, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Níadh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Coill Sáile, Co. na Gaillimhe