Scoil: Cill Chiaráin

Suíomh:
Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nioclás Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 424

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 424

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chiaráin
  2. XML Leathanach 424
  3. XML “Tomhais”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is fearr coineall romhat ná dhá choineall déag in do dhiaidh.
    Faoi beirt ban
    Bhí beirt bhan ann fadó agus bhí aon páiste amáin ag duine aca, agus bhí dá ingean déag ag an mnaoí eile. Agus an bean nach raibh aici acht aon ingin amháin cailleadh an ingean uirthi. Agus an bhean a raibh an dhá ingin déag aici mhaireadar agus d'fásadar suas. Annsin oidhche amháin, cailleadh an bheirt bhan seo i néinfeacht. Agus an bhean ar cailleadh a páiste uirthi, bhí a páiste roimpe ag na Flatais, agus solus iongtach agus lóchrann aici le hagaidh na máthair a threorughadh go Flathais. Agus mar sin de is fearr coinneall romhat ná dhá choineall déag in do dhiaidh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seosamh Breatnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    12
    Seoladh
    Coill Sáile, Co. na Gaillimhe