Scoil: Cill Chiaráin

Suíomh:
Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nioclás Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 509

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 509

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chiaráin
  2. XML Leathanach 509
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Deirtear gurab' í an Mhaighdean Mhuire an chéad bhean ariamh a thosuigh ag caitheadh tobac agus is gearr go mbeidh a fhios cé'n fáth.

    Deirtear gurab 'í an Mhaighdean Mhuire an chéad bhean ariamh a thosuigh ag caitheadh tobac agus is gearr go mbeidh a fhios cé'n fáth.
    Dé réir bhéil-oidis na sean ndaoine bhí sí féin agus a Mac agus Seósamh Naomhtha ag dul ar thuras fada de shiúbhal oidhche agus bhí sise agus Íosa ar deireadh agus Seósamh tamall 'un tosaigh ortha.
    "Muise," ar sise, "a Íosa, nach caol na cosa atá faoi Sheósamh."
    Níor labhair Íosa tada acht imtheacht leis nó go dtáinig siad suas le Seósamh Naomhtha.
    Ba ghearr go bhfacadar teach beag tamall beagh uatha agus dúbhairt Íosa le n-A mhathair go mba cheart di fanacht ann go maidin.
    D'fhág Sé a mháthair annsin agus chuaidh Sé le teach eile a fhagháil do Sheósamh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Raghallaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Nioclás Ó Cuirín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    38
    Seoladh
    Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe