Scoil: Corr an Droma
- Suíomh:
- Cor an Droma, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Breandán Ó Míodhcháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus aon duine a fághann gal tobac ó dhuine eile deireann sé:-
"Beannacht Dé le h-anamnna na marbh."
(Seo nós atá san áit seo le fada an lá.)
Bhí fear ag dul go Gaillimh lá amháin agus bhí sé ag caitheamh a phíopa dhó fhéin ar a'mbóthar. Capall agus cárr a bhí aige. Casadh fear eile air ar a mbóthar agus shíl sé go dtiubhradh fear a ' cháirr gal dhó ach níor thug. Lean sé an cárr mar shíl sé go mbeidh fhéidir go dtiubhradh sé gal do an chéad uair eile a dhearghóchadh sé an píopa, ach níor thug. Chuaidh sé go Gaillimh dha leanamhaint ar an nós sin. Chuaidh sé isteach ag fear muinteandha dhó ar an mbaile mhór. "Céard a thug isteach thú" adeir sé. Dubhairt an fear leis gurbh é an tobac a thug isteach é mar bíodh sé ag trúthan le gal ó'n bhfear eile chuile uair a dhearguigheadh sé an píopa. Cheannuigh a chara píopa agus tobac do agus chuaidh sé abhaile agus fuair sé riolla(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Cathasaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Caisleán na Craobhaí, Co. na Gaillimhe