Scoil: Druim Mór (uimhir rolla 16349)
- Suíomh:
- Dromore, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: John Noonan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Druim Mór
- XML Leathanach 2
- XML “Cleasa na Samhna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cleasa na Samhna
Bíonn spórt mór ag na daoine óga Oidhche Shamhna. Seo cleas a imrighthear thart fa seo. Gheibhtear trí plataí agus cuirtear ar tábla iad. Cuirtear uisge i gceann acu, fáinne san dara ceann agus creafóg san treas ceann.
Téigheann na daoine óga isteach i seomra, eile agus cuirtear dalladhmollóg ortha. Leigtear chúig ar tábla annsin iad go bhfeicidh siad goide atá i n-ann dóbhtha.
Cuartuigheann siad na plátaí. Má chuirtear an lámh ar an phláta in a bhfuil an t-uisge, deirtear go rachaidh an duine thar sáile sul deireadh na bliadhna. Tá cleamhnas i n-ann do’n t-é a gheibheas an fáinne. Ach an duine bocht a chuireas a lámh ar an chréfóig, gheobhaidh sé bás sul a bhéas an bhliadhain caithte.- Bailitheoir
- Searlaith De Bhrúin
- Inscne
- Baineann