School: Caiseal (2) (roll number 15393)
- Location:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Seán Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caiseal (2)
- XML Page 468
- XML “Aimsir na Géarleanúna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I gcul chnuic Baile-thaobh-Rúsgaidh tá áit a ba ghnathach leis na daoine a dul un Aifrinn Dia Domhnaig san tsean-am.
Domnach amáin, nuair a bhí na daoine uilig cruinn ag an Aifreann tháinig cuid saiduirí na Sasan ortha agus mharbh cuid mhait de na daoine a bhí cruinn ann. Bhí sean-bhean amáin a fuair ar siubhal agus chuaid sí síos bealach na farraige agus d'fholuigh sí ins na carraicheache sios ag taobh an farrige agus bhí sí beo sios annsin go cionn fada ar bhiadhach tráighe. Ach ní leigeadh an eagla dí a theacht na bhaile ar eagla go muirfidhe í nó bhí dlighthe na Sasana go fíor-olc san am i n-eadán an Chreidimh
Fiche bhlian ó shón nuair a bhí siad ag deanamh an chasáin isteach go Port-na-Luing' tháinig siad ar cloigne agus cramha daoine ins an aith sin. Nuair a shéideadh an ghaoth an gainimh le aimsir thirim ba ghnathach leis na daoine giotaí de ribí gruaige agus giotaí de Chorneacha Mhuire a fhághail na luighe sa ghainimh.(continues on next page)- Collector
- Doiminic Mac Congáile
- Gender
- Male
- Address
- Fál Aonaosa, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Padrúig Mac Congáile
- Gender
- Male
- Address
- Fál Aonaosa, Co. Dhún na nGall