Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Donegal
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal (2)
- XML Leathanach 384
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Deirtear go bhfuil ciste óir i bhfolach i ngarrdha Liam Ui Mhodhra i nGleann Eois. Chreach na Lochlannaigh an ceanntar seo agus cuir siad an t-ór i bhfolach san áit seo. Thart fa chaogadh bliadhain ó shoin tháinig bean dhall go dtí an baile seo agus dubhairt sí go rabh ór i bhfolach i ngarrdha eiginteacht san bhaile. Thug siad leo í go dtí gach garrdha san baile go dtí gur shroich siad garrdha Úi Mhodhra.Sheasuigh sí nuair a tháinig go dtí lár an gharrdaidh agus dubhairt sí go rabh ór i bhfolach san áit in a rabh 'na seasamh. Bhí Liam Ó Modhra in a ghabha agus thoisgh sé ag cuartughadh an óir (?). Nuair a bhí sé ag cuartughadh ar feadh tamaill tháinig sé ar chloich mhóír iongantach agus nuair a tháinig sé ar an chloich seo léim sidheogaí beaga thart air agus clochaí dearga ortha agus dubhairt siad leis "Caidé tá ag déanamh annsin?" agus chuir siad an tóir air. Níor chuartuigh sé arís acht deirtear go bhfuil an cisté óir annsin go dtí an lá atá indiú ann.
- Bailitheoir
- Sighle Nic Ghiolla Cheara
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Ghiolla Cheara
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)