Scoil: Rathmullan (uimhir rolla 14224)
- Suíomh:
- Ráth Maoláin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Ó Dochartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rathmullan
- XML Leathanach 081
- XML “Na Sagairt”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)shuaimhneach a bheith aige agus gan trioblóid ar bith a thabhairt dó fein fá'n fheasta nó fá scéal an chailin.Chuaidh an t-easboc i luighe acht níor b'fhéidir leis codladh. Labhair sé leis an t-sagart áth-uair fá'n bhodach agus an dara uair chomhairligh an sagart dó dul i lugihe agus bheith fá shuaimhneas.Chuaidh.I ndiaidh tamaill d'éirigh sé nó ní thiocfadh leis fanacht in- a leabaidh, fuair a chapal é fhéin igan fhios do'n tsagart, (nó níor mhian leis triobóid a thabahairt dó) agus d'imthigh ar a bhealach. I lar na h-oidhche thainig na sáighdiúirí ar a lorg agus nuair nach bhfuair siad an t-easboc thug siad an sagart leó.Ar an bealach go Baile na nGalloglach chruinnigh na daoine thart ar na saighdiúirí leis an sagart a reiteadh. Ag Gleann Ealla bhí siad ar an uair ag dul trasna an chnuic.Bhí eagla ar na sáighdiúirí go gcaillfeadh siad an sagart agus sgaoil siad leis agus mharbh siad é.Sin mar fuair sagart Ó'Hegartaigh bás.(leanann ar an chéad leathanach eile)