Scoil: Rathmullan (uimhir rolla 14224)

Suíomh:
Ráth Maoláin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
M. Ó Dochartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1088, Leathanach 095

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1088, Leathanach 095

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rathmullan
  2. XML Leathanach 095
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Nuair a shílfeadh daoine go rabh an t-oileán Inch comhgarach dó'n bhaile seo deirfeadh siad go rabh fearthan air ach dá dhílfeadh siad go rabh sé giota ar shiubhal sin chomhartha aimsire maithe.

    Nuair a shílfeadh daoine go rabh an t-oileán Inch comhgarach dó'n bhaile seo deirfeadh siad go rabh fearthain air ach dá shílfeadh siad go rabh sé giota ar shiubhal sin comhartha aimsire maithe.

    Má thig ceo aníos as béal an Locha tá fhios ag daoine go bhfuil aimsear mhaith air ach má thig sé anuas o'n ghleann sin comhartha go bhfuil droch aimsear ag teacht.

    Nuair atá fáinne thart fá'n ghealach tá tórman ag teacht.

    Má cluintear rontaí ag caoineadh amuigh 'san fhairrge 'san oidhche béidh aimsear olc ag teacht.

    Nuair a mbíonn dath na fairrge dubh-glás tá aimsear olc ag teacht ach nuair a mbíonn sí gorm tá aimsear mhaith ag teacht.

    Má ghnidh na préachain a gcuid nead ar bhárr na gcrann 'san Earrach béidh Samhradh maith ann.

    Nuair a thig na h-eannacha isteach ó'n fhairrge go dtí'n tír sin comhartha go bhfuil aimsear olc air.

    Má tá an spéar lán de reulta 'san oidhche tá siocain ag teacht.

    Nuair atá solas gorm i dteine dearg sin comhartha go bhfuil fearthain ag teacht

    Nuair nach mhaith leis an eallach dul isteach tráthnóna tá aimsear olc air.

    Nuair a théigheann an toit suas go díreach sin comhartha aimsire uilce
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Guendolín Ní hEarcan
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Ráth Maoláin, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó hOlain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50