Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- An Gleann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 57
- XML “Na Féilí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)toisuigheann na daoine a dhéanamh crosannaí agus buaracha de na fiaghacha. Gnidhtear oiread crosannaí agus chuirfeas ceann i ngach seomra sea twach agus ceann in gach boitheach fá'n teach.
Ta Domhnach Cáisga in a fhéile mhór go speisealta ag na páistí. Cupla seachtmhain roimh Cháisg teigheann sgaifte aca lé chéile agus tógann siad teach de truipleógaí. Bíonn an teach cruinn agus corr uair ní bhíonn cionn ar bith air. Nuair nach gcuirtear cionn air ní bhíonn feidhm fuinneógaí a fhágail air ní bíonn go leór soluis gan iad.
Nuait thig Domhnach Caísga tigeann na páistí uilig a chuidhuigh an teach a chur suas agus ghnidhéann siad bonnachán ann. Lasann siad teine agus bruitheann siad uibheacha sa teach sin.
Nuair a bhíos an béile thart aca bíonn spórt mór aca godtí 'n oidhche.
Oidhche Shamhna féile mór eile do pháisti. Bíonn cuid mhór cleasannaí aca an oidhche sin le ublaí agus crothannaí. Bíonn siad ag éirigh ubhlai a thógail as tuban uisce. Caitheann siad greim a fhághail air le na mbéal agus é a thógail mar sin. Ma eirigheann leó bíonn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eithne Ní Cheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Toam, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cathal Ua Ceallaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Toam, Co. Dhún na nGall