Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)

Suíomh:
An Gleann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Ó Domhnaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 95

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 95

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann
  2. XML Leathanach 95
  3. XML “Seanscéal - Cogadh na Scadán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean Sgeal Cogadh na Sgádan
    Bhí séal ann i bhfad ó shoin agus ní rabh sgadain ar bith le fághail ar coastaí na h-Eireann. Stád na h-íasgairí da dul amach mar nach rabh le faghail aca acht bric. Bhí fear ‘na chomhnaidhe ins na Rosaibh ar bhealach bheag a bhí ag dul o bealach an conndae síos go dtí’n fhairrge. Ní rabh teach ar bith eile a chomhair acht é fhein. Oidhche amhain thainig siubhail mór daoine ar an casan seo. Thosuigh siad ag crúinnuighadh isteach go teach an t-sean-duine as bhí sé go lán sa deireadh da dtuiteadh bíoran ó bharr an tighe thuitfeadh sé ar cheann duine. Acht ní rabh i bhfad gur thosuigh siad ag dul amach arís. Bhí iongantas mór ar an t-sean-duine cinnte nuair a chonnaic sé daoine annsin a rabh sé ag na bh’faire agus ag na dtorramh. D’imthigh siad uilig amach acht an fear deireannach. D’fan seisean agus d’innis sé do’n fhear go raibh cogadh mór lé bheith thios ar an gainimh idir bunadh na h-Eireann as bunadh na h-Albain. Deir sé “Ma bhaineann na h-Éireannaigh béidh sgadain go leor le faghail acht ma bhaineann na h-Albannaigh ní bhionn níos mó sgadain le faghail as cha bhionn maith do h-iasgairí dul amach.
    Nuair a deirigh an sean-duine ar maidin chuaidh sé síos go dtí’n traigh agus bhí drámhalta mor san ganimh. D’imthigh se a’s d’innis sé an sgeal do na h-iasgairí. Diarr sé ortha a dhul amach agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Gallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ua Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80