Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- An Gleann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 129
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Sgéal.Bhí féarmóir mór ann uair amháin agus bhí buachaill aimsire aige a rabh meas mór aige air. Stadadh an buachaill seo gach Satharn ag an dó dhéag a chlog gach Satharn, agus ní iarradh an maighistear air níos mó a dheánam go maidín Dé Luain.
Nuair a chonnaic na buachaillí aimsire eile fá’n áit seo thoisigh siad ag iarraidh fághail stad ag an dó dhéag gach Satharn fosta.
Dubhairt na maighistirí nach mbéadh siad abalta iad san a dhíol ar son oibre a’s iad ag dul thart na dtost. Ní rabh maith ann. Ní thabhairfeadh na buachaillí suaimneas ar bith dó na maighistirí ach ag rádh go stad fad siad a dh’obair ar fad.
Sa deireadh tháinig na maighistirí uilig lé chéile go bhfeiceadh siad caidé bá chóir a dheánamh in a thaoibh. Dubhairt cuid aca gur chóir dó dóbhtha a dhul chuig an mhaighisttir seo as iarraidh air tabhairt ar a bhuachaill oibruighadh go dtí an sé gach Satharn. Chuaidh siad.
Dubhairt an fear seo nach ndeánfeadh sé sin no gur buachaill maith a bhí ann agus go rabh sé níos fuide ar aghaidh le na chuid oibre na duine ar bith eile fá’n áit. Na dhiaidh sin tháinig cupla duine aca a fhiafruigheadh dó’n(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eithne Ní Cheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Droim Leacach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cathal Ua Ceallaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Droim Leacach, Co. Dhún na nGall