Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- An Gleann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 2
- XML “Ciste Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)eagla ar bith air. Dubhairt an taidhbhse annsin gur sin an cineál fir a bhí a dhíth airsean nó gur iomdha fear a mharbhuigh seisean annsin cionnus 'ur nach labhairfeadh sé leis. D'innis sé annsin gur eisean athair an fhir ar leis an chaisleán sin agus go rabh sé marbh anois le cúig bliadhna. Dubhairt sé go dearn fear darbh ainm Reid a bhí 'na chomhnuidhe in aice na háite dún-mharbhadh air. Dubhairt sé nach bhfuigheadh sé suaimhneas go deo go mbéadh sáseamh aige as Reid. D'innis sé dó Sheán cá rabh sé curtha agus d'iarr sé air an sgéal uilig a innse dó na mhac. Gheall Seán go n-innseóchadh sé é. Annsin thug an taidhbhse éadach beag dó agus dubhairt sé nuair a spréithí é sin go dtiocfadh go leór bídh agus dighe air. D'imthigh sé annsin.
Ar maidín tháinig an maighistear isteach agus bá mhór a iongantas deiceal nach dtáinig rud ar Sheán. Dubhairt sé gur eisean an chead fhear a d'fhág sé ag coimhead an chaisleáin sin a fuair sé beo ar maidín, agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eithne Ní Cheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Toam, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cathal Ua Ceallaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Toam, Co. Dhún na nGall