School: An Gleann (roll number 14277)
- Location:
- Glen, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 2
- XML “Ciste Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)eagla ar bith air. Dubhairt an taidhbhse annsin gur sin an cineál fir a bhí a dhíth airsean nó gur iomdha fear a mharbhuigh seisean annsin cionnus 'ur nach labhairfeadh sé leis. D'innis sé annsin gur eisean athair an fhir ar leis an chaisleán sin agus go rabh sé marbh anois le cúig bliadhna. Dubhairt sé go dearn fear darbh ainm Reid a bhí 'na chomhnuidhe in aice na háite dún-mharbhadh air. Dubhairt sé nach bhfuigheadh sé suaimhneas go deo go mbéadh sáseamh aige as Reid. D'innis sé dó Sheán cá rabh sé curtha agus d'iarr sé air an sgéal uilig a innse dó na mhac. Gheall Seán go n-innseóchadh sé é. Annsin thug an taidhbhse éadach beag dó agus dubhairt sé nuair a spréithí é sin go dtiocfadh go leór bídh agus dighe air. D'imthigh sé annsin.
Ar maidín tháinig an maighistear isteach agus bá mhór a iongantas deiceal nach dtáinig rud ar Sheán. Dubhairt sé gur eisean an chead fhear a d'fhág sé ag coimhead an chaisleáin sin a fuair sé beo ar maidín, agus(continues on next page)- Collector
- Eithne Ní Cheallaigh
- Gender
- Female
- Address
- Toam, Co. Donegal
- Informant
- Cathal Ua Ceallaigh
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Toam, Co. Donegal