Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- An Gleann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 132
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gcaitfidh sé dhul na bhaile.
Fuair sé an bhológ agus d’imthigh leis. Bhí iongantas an domhain air an t-athrughadh a bhí ar gach rud. Tháinig sé fhad lé na bhaile féin agus d’fhobair nar aithin sé é.
Chuaidh sé isteach agus bhí sean-bhean choimhthigheach astoigh. D’eirigh sí a’s chuir ceist air caidé bhí i dhith air.
“Caidé tá dhith orm”! arsa seisean. “Nach seo mo bhaile a d’fhág mé trí lá ó shoin lé mo bhuachaill a chuir”. Chuaidh sise anonn chuig prios beag a bhí san choirneal a’s thug amach leabhar mór as. Thoisigh sí a chuartughadh san leabhar. Sa deireadh arsa sise Tá tracht san leabhar seo ar fhear a d’fhág an teach seo lé na bhuachaill a chuir trí chéad bliadhain o shoin a’s níor phill sé ariamh.
Nuair a chuala an fear seo thuit sé marbh ar an urlár.- Bailitheoir
- Eithne Ní Cheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Droim Leacach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cathal Ua Ceallaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Droim Leacach, Co. Dhún na nGall