Scoil: An Gleann (uimhir rolla 14277)
- Suíomh:
- An Gleann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chúlaibh. Bhí iongantas mór air nuair a chonnaic sé an bhean a fuair bás leis ins an teach ar a cúlaibh anois agus í comh beo agus bhí ariamh.
D’imthigh siad leó ar chaoi ar bith as ní rabh i bhfad go rabh siad san áit a d’fhág siad. Bhí baramhail ag an fhear anois an riogan a rabh siad ann. Léim sé féin agus an bhean dé’n bhéach. Tharraing sé chuige í agus ghearr sé an Chroich Chéasta thart fá dtaoibh dóbhtha. Ní rabh na sidheóga abalta theacht a gcomhair ach shín fear aca fhad a’ go bhfuair sé buille bhuaileadh ar an bhean san chluais. Fágadh bodhar agus ballaibh í.
Thug sé na bhaile chuig na mháthair í. Cheistnigh sise í ach b’éigin dí fiafruigh do na mac ach leis an reogan a cuireadh airsan ní rabh cuimhne aige
Bhí sí aige ar feadh bliadhna agus í shan dóighe a fágadh í. Bliadhain san oidhche ar thárla an rud bhí sé amuigh airís ag cuartughadh an bheithigh. Chuala sé cainnt in deas dó agus seo é an comhradh a chuala sé. “Bliadhain san oidhce anocht arsa’n rogaire a goideadh an bhean óg uainn”. “Seadh go dearbhtha” arsa’n dara fear “a’s is beag maith a rinne sí dó’n rógaire a ghoid í, leis an dóigh a d’fhág muid í”. “Tá sí mar sin” arsa duine eile “agus dá mbéadh fhios ag an rógaire is beag an rud a leasadh í”. “Caide sin”? arsa duine eile aca. “Da rachadh sé síos a’s cuid dé na planntaí atá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eithne Ní Cheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Toam, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ua Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Doire Easa Cloiche, Co. Dhún na nGall