School: An Gleann (roll number 14277)
- Location:
- Glen, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Ó Domhnaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)chúlaibh. Bhí iongantas mór air nuair a chonnaic sé an bhean a fuair bás leis ins an teach ar a cúlaibh anois agus í comh beo agus bhí ariamh.
D’imthigh siad leó ar chaoi ar bith as ní rabh i bhfad go rabh siad san áit a d’fhág siad. Bhí baramhail ag an fhear anois an riogan a rabh siad ann. Léim sé féin agus an bhean dé’n bhéach. Tharraing sé chuige í agus ghearr sé an Chroich Chéasta thart fá dtaoibh dóbhtha. Ní rabh na sidheóga abalta theacht a gcomhair ach shín fear aca fhad a’ go bhfuair sé buille bhuaileadh ar an bhean san chluais. Fágadh bodhar agus ballaibh í.
Thug sé na bhaile chuig na mháthair í. Cheistnigh sise í ach b’éigin dí fiafruigh do na mac ach leis an reogan a cuireadh airsan ní rabh cuimhne aige
Bhí sí aige ar feadh bliadhna agus í shan dóighe a fágadh í. Bliadhain san oidhche ar thárla an rud bhí sé amuigh airís ag cuartughadh an bheithigh. Chuala sé cainnt in deas dó agus seo é an comhradh a chuala sé. “Bliadhain san oidhce anocht arsa’n rogaire a goideadh an bhean óg uainn”. “Seadh go dearbhtha” arsa’n dara fear “a’s is beag maith a rinne sí dó’n rógaire a ghoid í, leis an dóigh a d’fhág muid í”. “Tá sí mar sin” arsa duine eile “agus dá mbéadh fhios ag an rógaire is beag an rud a leasadh í”. “Caide sin”? arsa duine eile aca. “Da rachadh sé síos a’s cuid dé na planntaí atá(continues on next page)- Collector
- Eithne Ní Cheallaigh
- Gender
- Female
- Address
- Toam, Co. Donegal
- Informant
- Pádraig Ua Gallchobhair
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Derriscligh, Co. Donegal