Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Tomás Mac Fhionghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Chasáin
- XML Leathanach 225
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cuid mhór sean paidreach aca tuairim céad bliadhain ó shoin. Na seandaoine iad féin a ghníodh na paidreacha uilig, agus bhí na paidreacha céadna sin comh mhaith le paidir ar bith a tchífea i leabhair urnaighe ar bith acht difriocht amháin a bhí eatorra agus bé sin! go dtiocfadh leat na paidreacha a rinne na seandaoine iad féin a thuigbéal níos fearr na na paidreacha a tchífea i leabhartaibh ar bith.
Nuair a bhéadh duine ag toiseacht ar obair ar bith deirfeadh sé:- “Go gcuidigh Dia as an Mhaighdean Mhuire liom an obair seo a dhéanadh”. Nuair a bhéadh duine ag éirghe ar máidín deirfeadh na daoine buidheachas do Dhia go bhfuil mé beo arais agus gur leig sé domh codladh go suimneach i rith na h-oidhche.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nora Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Seoladh
- Na Dúnaibh, Co. Dhún na nGall