Scoil: Doire Chasáin (uimhir rolla 15239)
- Suíomh:
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Tomás Mac Fhionghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Leipreachain agus Maighdeain Mara.Fear beag nach bhfuil ach comh mór le dorn fir iseadh an Leipreachan. Bíonn cota glas air, agus bearad fada dearg. Bíonn bróga fada dubha air agus bíonn an bárr aca tionntuighthe suas. Bíonn sé ‘na shuidhe in áiteacha uaigneacha, ins an áit a shileann sé nach bhfeiceann duine ar bith é.
Bíonn sé ag coiriughadh bróg do’n chuid eile do na sídeogaí agus bíonn tairnghí agus casur aige, agus cuid mhór bróg thart fá dtaoibh de. Bionn cruiscín uisge ag a taoibh agus nuair a bhíonn tart air, ólann sé deoch as.
Níl moran Leipreachan le feiceail ag na daoine ins an am i lathair ach i bhfad ó shoin tchíodh na daoine cuid mhór aca. I bhfad ó shoin bhí cailin ‘na comhnuidhe ins an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Róise Nic Pháidín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Dumhaigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Dumhaigh, Co. Dhún na nGall