Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Druim na Rath
- XML Leathanach 182
- XML “Na Daoine Gortacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (Sé seo sgéal beag a fuair me Ó Dhomhnall Uá Ghallcóbhair as Doire Fada comhgarach leis an sgoil annseo. Tá Domhnall beo go fóil; tá sé bordaigh ar 75 bliadhna de aois agus fuair se an sgéal seo ó na mhathair)
Bhí fear óg ann a bhfad ó shion agus is a bhfad o sión a bhí, agus leóga is annamh fear óg eile a bhí ins an áit ag an am a bhí ion-curtha (?) leis an fear óg ceadna. Bhí teach bréagh sglataí agus féirm maith talaimh agus ní rabh duine ar bith eile ins an teach leis act a mhathair.Ag an am ceadna bhí cailín óg 'na comhnuide i mbaile fearrain eile fa thuairm cúig mhíle ar shiubhal on áit a rabh an fear óg na comhnuidhe agus leóga sé cailín deas a bhí inntí cinnte. Ní rabh sí ra-bheag no ro mhór, gruaigh deas ór aicí, súla gorma, pluca dearga, agus croiceann comh geal leis an tsneachta, agus bhí an focal deas aicí fa choinne gac duine a casadh uirthí. Bhí sí na comhnuidhe i dteach bréagh fosta gan duine ar bith ann act a h-athair agus a mathair act daoine gaoineacha a bhí ionnthu agus is iad na daoine nach leigeadh a gcuid leis an madadh.Bhí an buacall agus an cailí seo bordaigh ar an aois ceadna, agus aonach Bhealtaine amháin, bhí an bheirt acú ag an aonach mar badh gnathach le na daoine óga ag an am sin. Casadh siad ar a cheile insan aonach agus le sgéal fada a deanamh goirrid thuit siad i gradh le cheile. Chaith siad an lá ag spaistearacht fa'n bhaile mhór agus nuair a tháinic an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ua Ghallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 75
- Seoladh
- Doire Fada, Co. Dhún na nGall