Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Druim na Rath
- XML Leathanach 181
- XML “An Báthadh Mór”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dhúin Fionnachaidh ar son achan rud a dhearn siad fa choinne na creaturaí a bhí baithte. Chuaidh siad suas na roilige agus leóga chaoin siad a saith annsin, acht tugadh fa dear níor leig an t-sean-bhean deor, agus níor labhair sí focal le duine ar bith. Chaith siad seachtmhain ag bogádhaigh thart, agus ag cuairtuigheadh achan áit a rabh bád briste na luigh. Bhí an t-sean bheán leobhtha go 'ach an lá deirneach go rabh siad ann - sé lá deas grianmhair e - chuaidh siad uilig síos comh fada leis an bharra, agus an t-sean-bhean mar ceann-uarraidh ortú. Annsin fuair an t-sean-Chailleach a teanga. Bhí sgean gearr leithí na laimh. Chuaidh sí amach ins an uisge go rabh sí suas go dtí an muineal uirtí agus thoisigh sí ag cur a mallacht ar an uisge, gearr sí a laimh leis an sgin agus chaith sí a fuil i n-eadan na tonnaí, agus cuir sí a mallacht ar na tonnaibh, ar an tráigh, ar an chuan agus ar 'ach a'n iasg a bhí ins an chuan, agus ar gach rud eile a bhí ag baint leis. Deirtear gur Spey-bhean a bhí ins an Cailleach, acht cibé as ar bith d'fág na scadain an cuan o'n lá sin amach agus go cheann dhá go leith scor bhliadhain ní rabh scadán gaobhte i gCuan na Long. Annsin thoisigh siad ag teacht arais, acht ná rabh iasgaireacht ann cosamhail leis an iasgaireacht a bhí ann roimhe an bhaitheadh mór go dtí ar ama féin. Sé sin an sgéal a chualaidh me Liam Mac Ghiolla Sheanaigh ag innse fa dtaobh an baitheadh mór.
- Bailitheoir
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Liam Mac Ghiolla Sheanaigh
- Inscne
- Fireann