Scoil: Druim na Rath (uimhir rolla 12428)
- Suíomh:
- Droim na Rátha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Dhúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Druim na Rath
- XML Leathanach 183
- XML “Na Daoine Gortacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)trathnóna d'fág an buacall an cailín leath-bheallaigh na bhaile - comh fada le h-abhainn a bhí leath-bheallaigh idir an dhá theach. D'imthigh gach duine a mbeallach féin annsin, acht sul a scar siad thug an cailín cuireadh de'n bhuacall a theach le cainnt bheag a dheanamh leití anois agus arais.Bhí go maith go cionn míosa no mar sin nuair a thug an buacall ann a cheann tráthnóna deas Dia Domhnaigh amháin go racadh se go bhfeiceadh sé an cailín agus cainnt beag eile a deanamh leithí. Bhí cúig míle aige le siubhail, act bhí aithgiorra an a rinne an bealach míle go leith níos goirride. D'imthigh se ann aithgiorra acht nuair a tháinic sé chomh fada leis an abhainn fuair sé go rabh sé iontach domhain agus ní beadh sé ábalta a shiubhail trásna. Dubhairt me gur fear óg luathmhar gasta a bhí ann agus cha dearn sé a dhath acht thug ruaig amháin agus leim sé an abhainn. D'imthigh sé leis annsin agus níor stad sé go rabh sé ag tigh an chailín. Casadh an cailín air ar an sraid agus thug sí e isteac sa thig. Chuir an t-sean lanamhain failte fuar go leor roimhe. Shuidh sé síos san choirneál agus chainnt siad fa dtaob do suid agus seo. Bhí ocras miltineach ar an fear óg tar eis an shiubal fada a rinne se acht níor chuir duine san teach eist (?) ar an rabh béal aige. Bhí an t-sean lanamhain comh gaoineach sin ní leigfeadh siad an calaín óg braon tae a dheanamh dó. Nuair a bhí an am na luighe corr a bheith an d'eirigh an buachall agus an feár gortach corr a bheith air. D'imthigh sé leis acht nuair a tháinic sé comh fada leis an abhainn ní rabh sé ábalta e a leimnigh bhí sé comh lag(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Éamonn Mac Dhúrnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ua Ghallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 75
- Seoladh
- Doire Fada, Co. Dhún na nGall