Scoil: Más an Easa (C.) (uimhir rolla 14776)
- Suíomh:
- Más an Easa, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Ní Cholchuin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Más an Easa (C.)
- XML Leathanach 238
- XML “Maidin Fhómhair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Maidin Fhóghmhair
1
Maidin Fhóghmhair ‘s mo thriall go Fochair.
Cé casadh ‘sa ród orm acht stór mo chroidhe.
Ba dheirge a gruaidh ná na caoirí caorthainn
‘S ba bhinne a béal ná na céoltaí sidhe.Seo dhuit mo lámh dheas nach bhfuil mé pósta.
Acht gur buachaill óg mé thug spéis do mhnaoi.
Da dtiocfa liom-sa go Tír na n-Oige.
Ghlacfainn seomra duit ar bheagan cíos.Cheannóchainn culaith duit da’n Fhaision ró-dheas
Hata, clóca agus caipín síoda.
Soileár fosgailte de fhíon is de bheóirí.
Agus do bhabaí ro-dheas ar fud a tighe.Tá mo thriall na Frainnce ar an chéad lá’n Earraigh
Agus níl acht sane agam pilleadh coidhche.
Tá mo thriall go Sasáin ar an chéad lá’n t-Samhraid
A chailín Fhogaineach cas roimh sa t-sliabh.A chailín Fhogaineach a dtug mé geall duit
Go ndéanfainn cleamhnas leat gan bó gan laogh.
Níl sé acht seachtmhain ó bhí mé mo chomhnuidhe
Idir Fóchair agus Charraig Chaol(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Niall Ó Cholla
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)