Scoil: An Tor
- Suíomh:
- An Tor, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Monagail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tor
- XML Leathanach 61
- XML “Tomhaiseanna”
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ceithre gallún dó chuir isteach i gceig na gcúig gallun gan dadaidh agat le é i roinnt ach ceig na dtrí n-gallun, Caide an dóigh a dtiocfadh leat é rannt.
Frg. Líonfeá ceig na dtrí gallún chead uair agus chuirfeá isteach i gceig na gcúig gallun é. Líonfeá ceig na dtrí gallún arais agus ní choinneochadh ceig na gcúig n-gallún acht beirt aca. Bhí ceann amháin annsin fágtha i gceig na dtrí ghallun. Annsin dhóirteacha ceig na gcúig n-gallún isteach i gceig na h-ocht n-gallún. Annsin dhóirteacha an gallún a bhí fagtha i gceig na gcúign-gallún isteach i gceig na dtrí n-gallún. Annsin bhí seachtar i gceig na n-ocht n-gallún agus ceann amháin a gceann na gcúig n-gallún. Líonfeá ceig na dtrí gallún amach as ceig na h-ocht ghallún agus doirteacha isteach i gceig na gcuig gallún é. Bhí ceathrar annsin i gceig na gcúig gallún agus ceathrar i gceig na h-ocht ghallún.
Cad chuige a dtéigheann an madadh thart trí h-uaire sular dteigh sé a luighe.
Mar nach bhfuil fios aige cá bhfuil ceann nó cos na leabtha. - Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bailitheoir
- Eadhmonn Ó Cailín
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Gaodha
- Inscne
- Baineann