School: An Tor
- Location:
- An Tor, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Seán Mac Monagail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tor
- XML Page 63
- XML “Seanfhocla”
- XML “Urnaithe”
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)(Eolas faoin bhfaisnéiseoir agus faoin mbailitheoir)
- Ceithre coirnéal ar mo leabaidh ceithre haingle go rabh annsin Dia go rabh astoigh Dia's Muire go rabh fá dtaobh de'n leabaidh, Dia ma thig dadaidh orm Maighdéan na Muire muscail mé cúdaigh mé cuidigh liom anois a's ar uair a mbáis. Amen.
Síntear mé sa leabaidh seo mar shíntigh mé sa n-uaigh
Maighdean na Muire go rabh ag mó cheann Eoin Baisde go rabh ag mo bhonn, teachtaire dílis a n-ionad Críosta tar chugam sa agus cur an ola Chríosta ar m-anam dílis a D'fhulaing Críost ar an chrann.
Luighim ar mó láimh dheas codluighim ar mó láimh chlí diúltaighim de'n an-spiorad agus gabham ón sa spiorad naomh.
A Dhia caithfidh mé bás fhághail níl fhios agam ca h-uair ca h-áit na caidén dóigh ma fhágham sa bás i stad peacadh marbhtha tá mé caillte go deo. Íosa déan trocaire orainn. - Tomhais orm tomhais ort caidé an dealg a chur brígh sa bhrat. (Salainn)
Chuaidh beirt clann Craobhaidhe amach na cnuic maidín cheó an méid a fuar siad chaith siad uatha é, a's an meid nach bhfuair siad bhí sé leo. (Dealg)
Ma chuidigheann crub "elephant" leath acra cáide chuidigheas(continues on next page)