School: An Tor
- Location:
- An Tor, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Seán Mac Monagail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tor
- XML Page 62
- XML “Seanfhocla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Más olc maol is measa mulóid.
Mar mhaithe leis fhéin gnídheas cat cródan.
Ní hé an maoin a bhéarfas i dtír tú gus nach mealltar léithe thú.
Leig chum an bódaigh mé acht ná leig an bodach chugam.
An té tá saor caithfeadh sé cloch.
Ólann an rí fuigheallach an chait.
Ná leig sinn i gcathughadh nó i n-achrann.
Is maith an sgealuidhe an aimsir.
An té nach ndean i gnoithe n-am beidh sé na pleseam.
Is glas iad na cnuic i bhfad uainn.
An té nach bhfuil ciall aige bhéarfaidh an saoghal ciall dó.
Is fearr fuigheal brachain ná fuigheal magaidh.
Cuir síoda ar ghabhar is gabhar i gcomnuidhe é.
Is fearr focal sa chúirt ná punta sa sporán.
Ní thuigeann an seang an sathach.
Más feall tuillfidh.
Is olc an madadh nach fiú fead a dhéanamh air.
Is fada an bealach mór nach bhfuil coradh ann.
Imrigheach tuirseach ón lá mé agus ní fhoireann an bhársol (?)
Lá Padraig i n-earraigh thall breac ar gach linn agus éan ar gach craobh.
An té atá dóigheamhal tá sé furast a cóiriughadh.
Ní dochar duine tuitim mar salar é agus ní dochar salughadh mar ngortar é.
An rud a tcí leanbh gní leanbh.
Sé an chiall maith a (?) gach uile nidh, tá sgéimh ins an té a gheall Dia dó é.(continues on next page)- Collector
- Eadhmonn Ó Cailín
- Gender
- Male
- Informant
- Máire Ní Gaodha
- Gender
- Female