School: An Tor
- Location:
- An Tor, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Seán Mac Monagail
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tor
- XML Page 40
- XML “Seán Amaideach”
- XML (no title)
- XML “Tomhaiseanna”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)rinne sí gáire. Bhí lúthgháir mhór ar an rígh nuair a fuair an inghean biseach. Sgáirt sé ar Shéan agus thug sé ór agus airgead dó. Pósadh Séan agus an inghean annsin agus bhí dóigh mhaith air ó sin amach.
(no title)
“Cuir síoda ar ghabhar ...”
Cuir síoda ar ghabhar 'sé an gabhar i gcomhnuidhe é.
Éist le fuam na h-abhanna 's gheobhaidh tú breac.
An té nach ndeán i ghnoithe i n-am béidh sé na phlé-seam.
An té tá bréagach tá sé lochtach.
Ní h-iad na fir mhóra a bhaineas an fóghmhar i gcomhnuidhe.
Is deacair ollann a bhaint dé ghabhar.- Collector
- Máire Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Informant
- Conall Ó Domhnaill
- Gender
- Male
- Tá sé i bhfos tá sé thall tá sé ag Seán ar a chuid bídh. Tá sé fríd an sáile liath, 's gan é níl blas ar uibh. (Salann)
Corcán ór lán de feól beo. (Mearacán ar mheár.) - Bhí gasúr beag ann uair amháin agus tháinig an sagart isteach aige, agus chuir sé ceist air an rabh fhios aige an Teagasc Críosta. Dubhairt an gasúr go rabh fhios aige cuid dí. Chuir an(continues on next page)