Scoil: An Tor
- Suíomh:
- An Tor, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Monagail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tor
- XML Leathanach 42
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is fearr sgannrughadh maith nó droch chuideachta.
Éist le fuam na h-abhann agus gheobhaidh tú breac.
An rud nach gcluineann tú ní chuirfidh sé buaidhreadh ort.
Má chóirigheas duine a leabaidh caithfidh sé luighe oirthí.
Caith Éire amach ar an fhairrge agus caidéan dá chonndai i thiocfas isteach. (Clár agus Corc)
Má gcuirfidh tú sa n-Earrach ní bhainfidh tú sa n-Fhoghmhar.
Caidé sin do'n té sin nach mbaineann sin dó.
An té tá saor caithfeadh sé cloch.SgéalBhí gasúr ann aon uair amháin agus bhí sé ag briseadh cloch ar an bhealach mór. Bhí marcach ag gabháil thart lá agus chaill sé mála airgead a bhí leis. Fuair an gasúr an mála agus thug sé dó na mháthair é.
Chuaidh an gasúr na scoile lá ar na bhárach agus fuar sé cuid mhór buillí, dubhairt sé nach rachadh sé na scoile feasta. Nuair a chuaidh sé na scoile an dara lá fuar sé dhá oiread buillí. Dubhairt sé na rachfadh sé na scoile feasta agus chuaidh sé i bhriseadh cloch ar an bhealach mór.
Tháinig dhá gharda thart cur ceist air an bhfuar sé mála airgead ar bith, dubhairt sé go bhfuair. D'imthigh siad leo isteach chun toighe. Chur- Bailitheoir
- Éadhmann Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann