Scoil: An Tor
- Suíomh:
- An Tor, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Mac Monagail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tor
- XML Leathanach 18
- XML “Tomhaiseanna”
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Chuaidh bean amach idir dhá chnoc, agus isteach idir dhá uisce. (Bean agus dhá bhuceid uisce léithe.)
Chuaidh sé suas bán agus tháinig sé anuas buidhe. (uibh)
Caidé rachas suas nuair thiocfas an fhearthainn anuas. (scath fearthanna)
Teidheann sé anonn thar sáile, agus anall a mála, agus níl bliadhain ar bith nach mbaintear lumairt dó. (líon)
Gearán beag babailte, stabailte donn, siubhalann sé Éirinn 'sní fhliuchann sé bonn. (beathóg) (gan teideal)
“Tá mé mo shuidhe ó d'éirigh an ghealach aréir ...”
1.
Tá mé mó shuidhe ó d'éirigh an ghealach aréir
Ag cur teineadh síos arís a feadadh go geur
Tá bunadh an toighe na luidhe, as tá mise liom fhéin
Tá na coiligh ag glaodh, as tán tír ná gcodladh ach mé.2.
Casadh bean sidhe damh síos ag atha bheul an atha
As d'iafruigh mé díthe rabh nídh ar bith sgaoileadh a grádh
Labhair sí go caoibheamhal, aoibheamhal, subhailce ar mhnáibh
'S má théidh sé fán chroidhe, ní dóigh go scaoilfear go brathach.3.
Ag buachailleacht bó, ní dóigh gur chleacht mé ariamh é.
Ach ag imirt's ag ól le h-óig mhnáibh deasa fá shliabh
Má chaill mé mo stoir, ní dóigh gur chaill mé mó chiall
'S ní mó liom do phóg nán bhróg tá caitheadh lé bliadhain.4.
Más buachaill ón Éirne meas bhreugfainn mo chailín deas óg.
Ní iarrfainn bó spré uirthi, tá mé fhéin saidhbhir gó leor.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Meadhbha Nic Suibhne
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Maighread Nic Suibhne
- Inscne
- Baineann