Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag fághail bháis leis an ocras".
An inghean a b'óige, d'imthigh sí, fuair giota arain agus thug do é. Go luath agus thug sí an t-arán do, fuair sé greim uirri agus chuir isteach anns an bhascóid í. Ní raibh sí ábalta bogadh agus ní raibh sí ábalta labhairt agus b'éigean dithe fanacht go socair, suaimhneach sa bhascóid.
Thug se leis í go dtí an caislean agus annsin leig sé amach í. Thaisbean sé dithe 'acha'n seomra dá raibh anns an chaislean ach seomra amháin. Cupla lá 'n-a dhiaidh sin dubhairt sé leithe go gcaithfeadh seisean a bheith ag imtheacht arais. Thug sé eochair dithe agus d'fhoscalochadh an eochair sin doras 'acha'n seomra dá raibh anns an chaislean. Dubhairt sé leithe go raibh cead aici a gabhail isteach ann gach seomra sa chaislean ach seomra amháin, agus thug sise gealltanas do nach rachadh sí isteach anns an t-seomra sin.
Le bódhránacht an lae ar maidín lá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séarlus Ó Dubhthaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall