Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar maidín la thar na mharach d'imthigh sé. Bhí fiche cailín ar seirbhis aige agus ní raibh gach ar bith le deanamh ag an chailín óg. Bhí sí ar shiubhal leithe fríd na seomraí deasa a bhí anns a chaislean agus bhí dóigh bhreagh uirri.
Chongbhuigh sí an gealltanas ar feadh dhá lá ach ar an tríomhadh lá bhris sí é. An lá sin bhain sí an glas de dhoras an t-seomra a bhí crosta uirri agus chuaidh sí isteach. Bhí an t-urlár cumhdaigh le fuil agus bhí scaifte cailín 'n-a luighe marbh ar an urlár.
Bhí an eochair ann a láimh aici agus nuair a chonnaic sí na cailíní 'n-a luighe maol marbh ar an urlár scannruigh sí agus thuit an eochair as a láimh isteach san fhuil. Thóg sí í agus bhí sí cumhdaigh le fuil. Thoisigh sí á glanadh; ghlan sí uilig í ach marc amháin agus sháraigh sé uirrí an marc sin a ghlanadh. Bhuail eagla annsin í dá bhfeicfeadh an fear draoidheachta an marc go mbeadh fhios aige gur bhris sí an gealltanas.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séarlus Ó Dubhthaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall