Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 161

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 161

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 161
  3. XML “Scéal Áranna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal Áranna
    Chuir muinntir Áranna Móire teachtaireacht chuig Ruaidhrí Ruadh Ó Domhnaill, a bhí ‘n-a chomhnaidhe ar an Ghlasaigh a theacht ar cuairt ‘un oileáin chuca. Tháinic sé agus chaith sé coicthighis ann a measc agus nuair a bhí sé ag gabhail go tír-mór arais chuir siad losta báid de phronntanais leis agus éadach órnaidthe faoi a chosa sa bhád.
    Bhí bodach Gallda ‘n-a chomgnaidhe i nGleann Cholmcille ar bh’ainm do an Captaoin Muireachtaigh agus nuair a chualaidh sé an [t-rdh]? a bhí ar an Dalach smaointigh sé go bhfiachad sé fhéin a lámh fríd Árainn.
    Chuaidh sé go hÁrainn agus d’fhan sé ann dhá oidhche agus ar an tríomhadh maidín d’iarr sé ortha bádóir a fhághail a d’fhágfadh amuigh ar tír-mór é. Chuimil an teach ósta go cruaidh do ná bhí luach a mhuineal le díol aige ar son an dá oidhche a bhí sé ann.
    Nuair a tháinic sé amach go hAilt a Choráinn an tríomhadh lá labhair sé leis an bhádóir
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáitlín Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Niall Ó Domhnaill
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    82
    Seoladh
    Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall