Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)

Suíomh:
An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Rois Ní Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 427

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 427

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sealgán
  2. XML Leathanach 427
  3. XML “An Chaora Dhubh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. I bhfad o shoin in Éirinn bhí rí agus bainrioghain. Chuaidh gach uile sheort go maith go bhfuair an bhainrioghain bás agus gur phós an rí arís.
    Bhí ingean amháin leia an chéad mhnaoi agus triúr leis an darna mnaoi. Máire a bhí ar an ingin is sine agus Brighid, Cáit agus Síghle ar an triúr eile. Ba mhó go mór an spéis a chuir an bhainrioghan in a ninghin fein ag déanamh maitheasa agus freastala ar fad orra ach cha dtabhairfeadh bricfeasta do Mháire bhocht ach á cur amach ag buachailleacht caorach ar na sléibhtibh. Ach gur bé luibheanna agus caorthai sréin bheadh sí marbh leis an ocras.
    Lá amháin tháinig caora dhubh fhad le caoirighibh an ríogh agus ní tháinig aon duine ag cur a tuairisce agus indiaidh sgéal a chur amach duine ar bith a chaill caora cha dtáinig a'n duine fa na coinne.
    Ba hé a leas uilig do Mháire go dtáinig sí nó achan lá thigeadh sí fhad le Máire agus d'iarradh uirri an giota éadaigh a bhi in a cluais a tharraingt amach 's a spréaghadh ar an talamh. Comh luath
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Rois Ní Bhraonáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Mhac Gloinn
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Loch Eirg, Co. Dhún na nGall