Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)

Suíomh:
An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Rois Ní Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 392

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 392

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sealgán
  2. XML Leathanach 392
  3. XML “Scéal Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Lá amháin bhi bacach ag dul thart fuar fliuch agus costarnocht. Tcídh sé teach bréagh ar fhód an bhealaigh mhóir agus chuaidh sé isteach ag dréim le greim le hithe.
    Nuair a tháinig sé fhad leis an doras ní raibh fáilte ar bith roimhe agus níor hiarradh air theacht isteach.
    Bhí bean a' toighe ag déanamh réidh bidh agus mhothuigh seisean an boladh agus dubhairt sé;-
    " Mothuighim boladh ach ní fheicim an biadh
    Agus an té ghnidheas leithcheal nár bhfeicfidh sé Dia."
    D'imigh an bacach annsin nó cuireadh pota na feola i bhfolach air agus maireann an sean rádh sin ó shoin.
    Torra amháin leis go raibh daoine níos fearr do na bochtaibh ar eagla roimh a mallacht.
    Ó Phroinnseas Ua Braonáin, An Sealgán.
    R Ní B
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Rois Ní Bhraonáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Proinnseas Ua Braonáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Sealgán Mór, Co. Dhún na nGall