Scoil: An Sealgán (uimhir rolla 6781)

Suíomh:
An Sealgán Beag, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Rois Ní Braonáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 393

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1051, Leathanach 393

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sealgán
  2. XML Leathanach 393
  3. XML “Conall agus Dállan”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí mainnistear mor ag Naomh Chonail ar oileán Innis Caoil agus bhí morán mánach beo ann. Bhí fear amháin iongantach naomhtha ann darb' ainm Dállan. D'iarr se aithchuinge ar Dhia é bheith curtha taobh le Conall nuair a gheobhadh se bás agus da bhfuightheadh se bás roimc Chonnall é a bheith curtha in uaigh Chonaill. Thug Dia freagar air.
    Lá amháin nuair a bhí na mánaigh uilig ag na cuid urnaighe, thainig long agus brat uirri isteach ó'n fhairrge. Theith na mánaig agus chuaidh i bhfolach ach ní rabh Dállan bocht comh gasta leis an chuid eile agus beireadh air.
    Mharbhuigh na creachadóirí é agus bhain a cheann de agus chaith an ceann amach 'san fhairrge. Chreach siad an mainistear annsain agus thug leo achan rud maith a fuair siad.
    Nuair a bhí siad imthighthe thainig na manaig arais agus chaoin Conall go cruagheánta os cionn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Rois Ní Bhraonáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Proinnseas Ua Braonáin
    Inscne
    Fireann