Scoil: Mín Teineadh Dé (uimhir rolla 8517)

Suíomh:
Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 77

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 77

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Teineadh Dé
  2. XML Leathanach 77
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí fear agus a bhean ina gcomhnaidhe comhgarach do loch am amháin. Bhí cailín amháin aca agus bhí sí dall.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Séan. “O” ársan fear “nuair a bhí mise seacht bliadhna dé aois chuir mé fearg ar mo leas-mháthair. Thionntuigh sí m’áthair mar eala agus thionntuigh sí an teach mar loch. Tigeann sí anois gach oidhche agus gnidheann sí tormán thart fá’n seomra seo agus annsin ní bhionn mé ábalta codhlaidh, acht anois nuair atá túsa agam sílim go cuirfidh muid deireadh leithí”. Dubhairt Séan go ndeánamh sé a dhícheall. “Bal” arsán fear “gabh túsa anois go dtí an gharraidhe áta ar chúl do thoigh fhéin agus go díreach faoi’n chrann spianóige tá cloch mhór chruinn síos giota ins an talamh agus faoi an cloch sin tá cát dubh. Tabhair an cat go dtí bruach an locha agus béidh mise ag fánacht ort”. Thionntuigh an fear Séan mar bhradán agus snámh an bheirt aca go bruach an lócha agus thionntuigh fear an loch Séan mar fir iríst. Fuair Séan an chat agus thug sé í go bruach an lóchaí. Bhí an bradán ag feitheamh ar annsin. Chuaidh an bheirt aca síos ins an loch agus isteach ins an seomra leo. Thug an fear claidheamh do Shéan agus thug seisean an chat dosan. Níorbh bhfada go dtáinig an bhean draoidheach isteach agus bhí tuairim agus fiche cat leithí. Bhuail Séan í le na claidheamh agus thuit sí ar an talamh, acht ní rabh i bhfad gur éirigh sí írist agus bhí sé ag gabhail a thabhairt buille fealltach do Shéan nuair a bhuail an fear í eadar an dá shúil leis an chat dubh agus mharbhuigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Micheál O Domhnaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Carraig an tSléibhe, Co. Dhún na nGall