Scoil: Mín Teineadh Dé (uimhir rolla 8517)
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seán Ó GallchobhairTá fhios agam áit a bhfuil ór i bhfolach agus sí seo an áit a bhfuil sé. Tá sé ina luighe faoi charraig mhór agus "An Charraig Bhán", an t-ainm a bheireann muid air. Tá an t-ór seo i Mín na bPoll agus tá sé cúíg mhíle go léith ón bhaile mhór Árd a Rath agus tá sé dhá mhíle ón bhealach mhór.Deirtear gur a bhiadh na lochlannaigh a d'fhág an t-ór i bhfolach ins an áit sin agus deirtear fosta go bhfuil cat dubh ag coimead an taiscidh, agus go bhfuil ruball an fhada uirthí. Is iomhdha uair a chualaidh mé m'uncail a rádh go rabh soillse le feiceáil ag an Charraig seo roimh stóirim.Tá an charraig seo, tuairim agus fiche tropighe ar áirde agus sé troighe an leithéad. Deirtear gur lochlannach mhór a d'fhág an t-ór ins an talamh agus gur chuir sé an chloch mhór seo ins luighe ar an óir agus gur shuidhe sé é fhéin annsin go bhfuair sé bás, agus tá sé curtha comhgarach do'n charraig. Chonnaic mé fhéin a uaigh.Tuairim agus céad(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seán Ó Ghallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ardvally, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seosamh Ó Ghallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín na bPoll, Co. Dhún na nGall