Scoil: Mín Teineadh Dé (uimhir rolla 8517)

Suíomh:
Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig S. Mac a' Ghoill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 11

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1041, Leathanach 11

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín Teineadh Dé
  2. XML Leathanach 11
  3. XML “Seanchas na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ag teacht. Na Eanláith: Seo na comharthaí a bheireann na h-éanacha dúinn. An Preachain: 1. Roimh stoirim bíonn an preachán le feiceáil ag gabhail go dtí na sléibhte. 2. Bíonn sí ag cuartughadh bidh a choinneochas beo í fhad a bhíos an stoirm ann. 3. Géibheann sí an bídh seo o'na chaoirigh atá marbh. An Spídeog: 1. Roimh stoirim tígheann an spídeóg bheag go dtí na doirse ag iarraidh bidh. 2. Nuair a bhíonn an aimsear fuar ann, agus an sioc agus an sneachta ar an talamh. 3. Téidheann an spídeóg bheag isteach i sean bhallóg no sean bhoitheach agus fanann sí annsin go dtí go mbíonn an stoirim thart. 4. Ní bhíónn bídh ar bith aici le fághail i rith na stoirime. An Córr-Mónadh: 1. Nuair a bhíónn an chórr-mhónadh le feiceáil is cinnte go bhfuil fearrthain ah teacht. 2. Roimhe stoirim bíonn sí le feiceáil ag gabhail suas an abhainn. 3. Bíonn sí le feiceáil fósta ag gábhail go dtí na sléibhte ag cruinniughadh bidh agus ag cuartughadh fásgaidh. An Philibhín: 1. Nuair ata an philibhín le feiceáil is cinnte go bhfuil stoirim sneachta ag teacht. Ní bhíónn sé le feiceáil aon uair sa bhliadhain acht amháin nuair atá stoirim sneachta ag teacht. An Snag-bhreac: 1. Seo na comharthaí a bhéireann an snág-bhreac dúínn. 2. Roimh stoirim fearthainne bíonn sí le feiceáil ag cruinniughadh bidh. 3. Bíonn sí ag éirighe fásgaidh a fhághail ins na coillte. 4.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáitlín Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ardvally, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Brigidh Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ardvally, Co. Dhún na nGall