Scoil: Mín Teineadh Dé
- Suíomh:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Teineadh Dé
- XML Leathanach 152
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear ann aon amháin dairbh ainm Eogain. Bhí ceo ann aon lá amháin.”
Bhí fear ann aon amháin dairbh ainm Eoghain. Bhí ceo ann aon lá amháin. Chuaidh Eoghain go dtí a bhaile mhóir. Nuair a bhí Eoghain ins an bhaile mhóir bhí bád ag gabhail go Sasana. Bhí Eoghain tuairim cheithre scór bliadhna an t-am sin. Chuaidh Eoghain go dtí Sasana. Ní rabh fhios ar bith ag na comharsanaí go dteachaidh Eoghain go Sasana. Fuair siad scuab ins an abhainn. Shíl siad gur Eoghain a bhí ann. Níor amharc siad mórán ar an scuaib. Bhí siad cinnte gur Eoghain a bhí ann. Rinne siad chomhnair agus chuir siad an scuab isteach ann lá ar na bharach chuaidh an torramh go dtí an roilig . Rinne siad uaigh agus chuir siad an chomhnair isteach ann. Bliadhain in a dhiaidh sin thainig Eoghain abhaile. Bhí eagla ar na daoine nuair a chonnaic siad Eoghain. Shíl siad gur éirigh sé amach as an chomhnair. Dubhairt Eoghain go rabh sé i Sasana. Bhí an luthghair ar na daoine annsin. Chomhnaidhe Eoghain maith go bhfuair sé bás