School: Mín Teineadh Dé
- Location:
- Mín Tine Dé, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig S. Mac a' Ghoill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mín Teineadh Dé
- XML Page 158
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí sean bhean ann aon uair amháin agus bhí a fear marbh agus ni rabh acht mach amhain aici.”
Bhí sean bhean ann aon uair amháin agus bhí a fear marbh agus ni rabh acht mach amhain aici, acht nuair a bhí an buachaill seo óg dubhairt an t-athair leis go gcáitheadh sé gabhail go Meiricea; mar go rabh a uncál annsin agus bhí sé an-saidhbhear. Rinn an buachaill mar dubhairt an athar agus nuair a bhí sé fiche bliahdain chuaidh sé un an Oileáin Úr. Chonnaic sé a uncal agus dubhairt sé leis an t-airgead a roinn go comhthóim eadar an athar agus an mháthair agus é fhéin.
Thainig an buachaill abhaile aríst; agus nuair a bhí sé abhaile bhí a athar faoi na foidibh. Bhí sé fhéin agus a mhathair ina gcomhnuidhe i dteach eile agus thoisigh an buachaill ag deanamh réidh le teach uair a thogail. Bhí áit amháin deas ar an fheirm le teach a thógail agus bhí crann cuileann ag fás ar an áit seo.
An cead rud a rinn sé; a chrann seo a chur ar shiubhal agus annsin thóisigh sé ag togail an teach, ghlan siad amach a dubhshráith agus thóisigh siad ag faghail na clocha.(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Ghallchobhair
- Gender
- Female
- Address
- Ardvally, Co. Dhún na nGall