School: Cill Bhriain, Béal na Molt (roll number 11890)

Location:
Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
Teacher:
Tomás de Bhál
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0646, Page 209

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0646, Page 209

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Bhriain, Béal na Molt
  2. XML Page 209
  3. XML “An Fiabhras Dubh i gCnoc Buidhe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ní mór dom a rá cá an áit ina bhfuil Cnoc Buidhe. Do dheineadh cur síos ar sin ins an ceacht a bhí againn cúpla lá ó shoin i dtaobh Séamua Ó Fathaigh.
    Bhí an Fiabhras Dubh go dona i gCnoc Buidhe timcheall 130 bliain ó shoin. Bhí na céadta ag fághail bháis i gCnoc Buidhe leis an Fiabhras Dubh an uair sin. Bhí na daoine ag paidireóreacht agus ag paidireóreacht ach bhí sé gan mhaith. D'éirigh sé níos measa ó lá go lá.
    Bhí sagart ó Chnoc Buidhe i gCeapach na bhFaoiteach i gCondae Tiobraid Árainn. Nuair do chuala sé an trioblóid a bhí ar a mhuinntir féin i gCnoc Buidhe bhí a croí briste beagnach.
    Bhí sé ar leaba a bháis ach ní leis an bFiabhras Dubh bhí sé ag fáil báis go nádúrtha mar bhí an-aosta.
    D'fhiafruigh sé dá cháirde é do thabhairt abhaile agus go ndíbhreochadh sé an Fiabhras Dubh as an áit.
    Nuair fuair sé bás agus nuair a bhí a cháirde ag cur an chorp ina h-uaigh dheineadar dearmadh agus cuireadar in uaigh eile a bhí le duine éigint
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraig Tóibín
    Gender
    Male
    Age
    Over 13
    Address
    Cill Bhriain Íochtarach, Co. Phort Láirge
    Informant
    Mícheál Barún
    Relation
    Unknown
    Gender
    Male
    Address
    An Cnoc Buí, Co. Phort Láirge